Nuachtlitir Deireadh na Bliana 2017.

Tá deireadh na scoil-bliana buailte linn arís agus sinne ar fad ag súil le briseadh deas le haimsire maith le cúnamh Dé. Is deis í seo dúinn ar fad scíth a ligint agus am a chaitheamh le chéile lenár gclanna ag déanamh rudaí deasa. Tá a fhios againn go mbeidh roinnt imeachtaí ar siúl ag na páistí agus molaimid go mór campaí samhraidh Cul Camps an Chumann Lúthcleas Gael, cinn sacair an FAI, rugbaí an IRFU agus campa Parks Tennis go haitiúil.

An méid sin ráite, tá an tuafás le déanamh saor in aisce agus molaimid go láidir dúshlán léitheoireachta an tsamhraidh i leabharlann Loch Buí. Níl aon rud níos fearr le déanamh le do pháiste ná léitheoireacht a spreagadh i rith an tsamhraidh. Ná déan dearmad chomh maith cluichí mata, mireanna mearaí 7rl a thabhairt dóibh ar lá fluiuch nó maith. Píosa chomhairle an-mhaith ag John Creedon ar an raidio ag an deireadh seachtain ná na scáileáin sa ghluaisteán a chaitheamh amach agus tír eolas na tíre a cheiliúradh agus caint deas a bheith againn lenár bpáistí.

Thar aon rud eile bímis sábhálta thar an tsamhraidh. Bí cúramach in aice na farraige nó abhainn agus go háirithe ar an bhfeirm má táimid ann. Beimíd ag súil le gach éinne a fheiscint ar ais linn ag 9.10 am ar an Déardaoin an 31ú Lúnasa.

The end of the school year has reached us again and we have had a wonderful year with many achievements and learning experiences for our children. Hopefully, whether with the hoped for bright sunshine or more normal Irish weather, we will all have a chance to relax and enjoy the many pleasurable activities we can have as families with quality time spent together, either at home or on holidays. We know many of you will avail of organised activities during the holidays and as always we encourage you to take part in the GAA Cúl Camps, FAI soccer camps, IRFU rugby camps and the excellent value Parks Tennis Camp among the dozens of choices locally.

More importantly however are all the things you can do for free. We particularly ask you to consider the Summer Reading challenge in Loughboy library which encourages our children to read. (don’t forget the leabhair Ghaeilge chomh maith!) Don’t forget also the chance to get children to engage in Maths learning through Sudoku and other maths games and even encouraging them to check and develop their skills with money and time. One lovely piece of advice from John Creedon over the weekend was to ditch the screens in the car and talk to our children about the countryside around them as we drive to help their geography and history learning.

Most importantly, we wish everybody a safe holiday. Please be particularly careful around water, either at the beach or lake or river. Please also take care on the farm around machinery and animals where we can have great fun with a little bit of care. We really look forward to seeing all our pupils returning safe and sound at 9.10 am on Thursday August the 31st.

Féilire na Scoile

Tá sonruithe oscailte na scoile ar fad ar ár suíomh idirlíon ag https://www.osrai.com/feilire-events-calendar/

All the details of our school openings and closures for the 2017-2018 school year are on our school website at https://www.osrai.com/feilire-events-calendar/

Seo chugaibh na príomh-dátaí arís a chuireamar amach i mí Feabhra. Here are the important dates we sent you in February. Please print off the colour calendar attached to email and put on the fridge.

Beimid ag filleadh ar scoil ar an Déardaoin an 31ú Lúnasa agus beidh seachtain saor againn ag tús mí Bealtaine 2018. Seo iad na dátaí tábhactacha.

Here are most of the important dates for the next school year 2017/2018.

31ú Lúnasa: Tús na Scoilbliana

30ú Deireadh Fomhair-3ú Samhain: Briseadh na Samhna/November Break

22ú Nollaig: Leathlá do saoire na Nollag

8ú Eanair 2018: Ar ais ar scoil don bliain nua

15ú agus 16ú Feabhra 2018: Briseadh an Earraigh.

19ú Márta: Lá Saoire Poiblí Lá le Pádraig

23ú Márta: Leath lá do saoire na Cásca

9ú Aibreán: Ar ais ar scoil taréis na Cásca

7ú-11ú Bealtaine: Briseadh Bealtaine.

29ú Meitheamh: Deireadh na Scoilbliana.

Ranganna 2017-2018

Seo mar a leanas na ranganna agus na múinteoirí a bhaineas leo do 2017-2018

Ranganna 2017-2018

Naíonáin Bheaga 1 Múinteoir Jennifer
Naíonáin Bheaga 2 Múinteoir Ruth
Naíonáin Mhóra (Jennifer) Múinteoir Áine
Naíonáin Mhóra (Maria Bríd) Múinteoirí Deirdre/Síle
Rang a hAon (Áine) Múinteoirí Michelle/Liselott
Rang a hAon (Deirdre/Síle) Múinteoir Ivan
Rang a Dó (Michelle/Liselott) Múinteoir Maria D
Rang a Dó (Ivan) Múinteoir Máire Ruth
Rang a Trí (Máire Ruth) Múinteoir Colette
Rang a Trí (Maria D) Múinteoirí Fiona/Dearbhail
Rang a Ceathar (Colette) Múinteoir Brian
Rang a Ceathar (Maria D/Neasa) Múinteoir Maria Bríd
Rang a Cúig (Deirdre Maria) Múinteoir Méabh F
Rang a Cúig (Rós) Múinteoirí Neasa/Maria
Rang a Sé (Méabh F) Múinteoir Nioclás
Rang a Sé (Brian) Múinteoir Rós
Tacaíocht Foghlama 1 Múinteoir Siobhán
Tacaíocht Foghlama 2 Múinteoir Méabh C
Tacaíocht Foghlama 3 Múinteoir Proinnsiasa
Tacaíocht Foghlama 4 Múinteoir Tanya
Tacaíocht Foghlama 5 Múinteoir Deirdre Maria

 

Leabhar Liostaí/Book Lists

Beidh na leabhar-liostaí ar fáil ó inniu ar aghaidh ins na siopaí leabhair Jones Business Systems agus Eason’s go háitiúil. Chomh maith le sin, beidh siad ar fáil ar suíomh idirlíon na scoile.

The updated booklists for 2017-2018 will be available from today at the local book suppliers, Jones Business Systems in Loughboy and Eason’s in MacDonagh Junction. The lists will also be available on https://www.osrai.com/leabhar-liostai-book-lists/

Bille Scoile

Tá an-iarracht déanta ag daoine arís i mbliana a chuid a íoc chun costaisí scoile do pháiste a chlúdú. Mar is eol duit, clúdaíonn an bille costas árachais 24/7 i gcomhair do pháiste, laistigh agus lasmuigh den scoil, costaisí na hábhair seachtracha a déantar sa scoil, an snámh, an rinnce agus gleacaíocht ina measc. Tá seans fós ag daoine nár íoc an bille iomlán pé méid gur féidir leat a íoc ar líne ach brú ar an gcnaipe Pay Now ar www.osrai.com Beidh orainn féachaint an bhliain seo chugainn an féidir linn leanúint le leabhair scoile a thabhairt ar chíos  do dhaoine nach n-íocann astu.

Most of you have made great efforts to make a contribution towards your child’s school costs through the Bille Scoile. As you know the bille covers the cost of 24/7 insurance for your child, inside and outside of school, the costs of extra subjects covered including swimming, dancing and gymnastics and of course the major savings you make by renting rather than buying books in the middle and senior classes. We would appreciate any contribution you can make and you can pay online by using the Pay Now button on www.osrai.com We will unfortunately have to review the book rental scheme in September for those who make no contribution.

Gaeilge

Táimid fíor-bhuíoch de bhur dtacaíocht an téarma seo i dtaobh chúrsaí Ghaeilge de. Le do thoil an féidir a threisiú le do pháiste thar an samhradh go bhfuil Riail na Gaeilge mar an riail is tabhachtaí inár scoilne agus gurb í an fáth gur phioc sibh ár scoilne sa chéad áit? Ní chuirfear suas le páistí nach bhfuil sásta Gaeilge a labhairt an t-am ar fad i dtimpeallacht na scoile agus mar chuid d’aon imeachtaí a bhaineann leis an scoil. Is féidir leat mar thuismitheoir cabhrú tríd an Ghaeilge a spreagadh sa bhaile trí TG4 agus Raidio na Gaeltachta a roghnú, trí leabhair Ghaeilge a cheannach nó a fháil ón leabharlann agus dár ndóigh trí pé Gaeilge atá agat a labhairt le’d pháiste. Cad faoi chóisireacha breithlá a bheith go hiomlán tré Ghaeilge, mar shampla?!

We are most grateful for your support in terms of the use of Irish by your child. Can you please reinforce over the holidays the face that Riail na Gaeilge is the most important rule of our school and is the reason why you chose our school with its special language ethos in the first place. We will not tolerate children who persist in refusing to speak the language at all times in our school or on school activities. As a parent you can help over the summer by choosing and encouraging your child to chose TG4 and Raidio na Gaeltachta as options (again in the gluaisteán on long journeys is ideal), buying or borrowing leabhair Ghaeilge from the library and of course speaking whatever bit of Gaeilge you have to your children. If you’re near a Gaeltacht area, do take the chance to use the cúpla focail and another suggestion we’ve made before is to organise a birthday or other party trí Ghaeilge ar fad.

Páirc Nua

Tá ár bpáirc uile-aimsire beagnach réidh go hiomlán anois chun úsáid. Táimid fíor-bhuíoch do Mhúinteoir Michelle agus Séamus agus Margaret Greene don dea-obair ar fad. Chomh maith le sin, fuaireamar cabhair iontach ó Eamon Kealy, fear chéile Múinteoir Dearbhail a thug a thaithí ghairmiúil ar chúrsaí páirce go flaithiúil dúinn. Beidh an páirc ar fáil go hiomlán do na paistí i mí Meán Fomhair agus táimid ag súil le hoscailt oifigiúil a bheith againn sa bhfómhar. Beidh an páirc ar fáil do ghrúpaí gur maith leo é a thógaint ar chíos sa bhfómhar chomh maith.

Our new Astroturf, all-weather pitch is almost ready for full use and our classes have been getting their first introduction to it this week. We are hugely thankful to Múinteoir Michelle and Séamus and Margaret Greene for all their hard work in bringing this project to fruition as well as Eamon Kealy, husband of Múinteoir Dearbhail for his expertise throughout the project. We acknowledge also the assistance of a major grant from the Department of Sport and our partners Clara GAA club, particularly David Shortall for their co-operation. The pitches will be in full use by the children and available for hire from September onwards.

Lá Spoirt

Bhí lá spoirt den scoth againn i bPáirc Séamus Stiofáin, Gort na Learóige, le déanaí. Táimid fíor-bhuíoch do Mhúinteoir Michelle agus an Coiste Scoil Ghníomhach don obair ar fad ar an lá.

We had a wonderful sports day in James Stephen’s Larchfield pitch last week. Thanks to Muinteoir Michelle and our Active School Committee for all their hard work on the day.

Seó Talainn agus Bosca!

Bhí seó talainn den scoth againn an Aoine seo chaite. Taréis chomórtas iontach i ngach rang, piocadh duine nó ghrúpa amháin ó gach rang chun páirt a ghlacadh sa chomórtas scoile san halla. Bhí an-lá idir aithriseoireacht, rinnce, canadh agus greann ann agus b’iad Saoirse Ní Ghadhra agus Niamh Ní Mhuirí, Rang a Sé, a bhuaigh an chomórtas. Comhgáirdeachas do gach éinne a ghlac pairt agus buíochas do Mhúinteoir Ruth don smaoineamh agus don obair go léir.

Guímid gach rath ar Shaoirse  agus ar Fionn Ó Duibhir a bheidh san iomaíocht thar cheann Chill Chainnigh i bhFleadh Cheoil Laighin i mí Iúil. Ghlac Fionn le bosca cheoil álainn nua a bhronn Nioclás Dunphy, Cathaoirleach Chomhaltas Ceoltóirí Éireann Chill Chainnigh orainn an tseachtain seo mar aitheantas d’úsáid ár scoilne don bhFleadh anuraidh.

We had a wonderful School talent show in the halla last Friday which was the culmination of competitions in all our classes with one act from each class competing in the final. It was a wonderful day of acting, singing, dancing and instrumental performances and the winners on the day were Saoirse and Niamh from Rang a 6. Thanks to Múinteoir Ruth and her hardworking judges, Múinteoir Siobhán and Claire Kilkenny for their hard work in putting the show together.

We also wish Saoirse and Fionn Ó Duibhir the best of luck in the Leinster Fleadh Cheoil where they will represent Kilkenny in the singing and accordion competitions. Fionn accepted a lovely new accordion on behalf of the school from county chair of Comhaltas Ceoltóirí Éireann, Nicholas Dunphy, presented to the school in thanks for the use of our building for last year’s Fleadh Laighin. Local accordion teacher Derek Morrissey will be teaching the ‘box’ in September to any children interested in taking part while fiddle classes will continue with Anthony McAuley along with feadóg stáin across all classes. Please encourage your children to join our grúpa cheoil and of course our school choir, both of which have been so successful in recent years.

Comhgáirdeachas

Comhgáirdeachas mhór do Mhúinteoir Maria Bríd agus Nioclás as ucht bhreith Déaglán, a bhuachaillín deas rua nua, deartháir to Frank. Comhgáirdeachas chomh maith do Mhúinteoir Deirdre Maria agus a chéile Kevin a rugadh cailín álainn, Clodagh, dóibh cúpla seachtain ó shin. Bhí ócáid mhór ag Múinteoir Méabh Ní Fhloinn chomh maith nuair a phós sí féin agus a ghrá-gheal Pádraig i mí Bealtaine. Guímid saol fada, sona acu le chéile agus mí na meala den scoth.

We warmly congratulate Múinteoirí Maria Bríd and Nioclás who welcomed their second son Declan last week, a brother for the smiling Frank. Múinteoir Deirdre Maria and husband Kevin also welcomed their first cailín, Clodagh in recent weeks, a sister for Odhrán. Múinteoir Méabh F had a huge occasion in May when she married sweetheart Pádraig. We wish them a long and happy life together and a great honeymoon!

Buíochas

Táimid thar a bheith buíoch do na daoine ar fad a dhéanann obair deonach thar cheann na scoile tríd an bhliain. Do Cháit Ní Mhurchú, Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta agus na baill eile Múinteoir Nioclás, Cathnia Ó Muircheartaigh, Liam Ó Maoldomhnaigh, Caroline Clifford, Máire Ní Mhóráin agus John Grace, táimid fíor-bhuíoch daoibh ar fad de bhúr saothar in aisce dúinn.

Do Éimear Lee agus ár gcoiste iontach na dtuismitheoirí, ár mbuíochas chomh maith agus dár ndóigh don gCoiste Rith Beo a d’eirigh leo níos mó ná €7,000 a bhailiú arís i mbliana d’ár leabharlann nua agus ócáid fíor-taitneamhach a thaispeáin spoioraid ár scoilne i ngach slí, go raibh míle maith agaibh.

We are hugely thankful to all our volunteers who give so freely of their time during the year. To our Board of Management in particular, a huge thanks to Cathaoirleach Cáit Ní Mhurchú, Múinteoir Nioclás, Cathnia Ó Muircheartaigh. Liam Moloney, Caroline Clifford, Máire Ní Mhóráin and of course Treasurer John Grace we hugely appreciate all your time given so freely for the smooth running of our school.

To Eimear Lee as chair and all our Parents Association volunteers and of course our energetic Rith Beo committee who managed to raise more than €7,000 again this year towards our wonderful new library which will open in September we extend our gratitude too. Rith Beo 2017 saw our biggest ever number of entrants and we thank Affidea Ireland, Guiney’s Kilkenny and Petmania as our main sponsors and all our other sponsors for their support.

We also thank all the members of our Health Promoting School, Active School, School Garden, Music and Green Schools committees who give us their time and expertise. Feel free to take away fruit and veg from Gairdín na Scoile over the summer if you’re passing by!

Bua Spoirt

Comhgáirdeachas mhór dár Rang a Dó a bhuaigh craobh na cathrach nuair a bhuadar ar scoil Naomh Chainnigh i bPáirc Uí Nualláin cúpla seachtain ó shin. Do dhein Múinteoirí Maria agus Máire Ruth sár-jab leo agus bhí na páistí go hiontach ar an lá. Maith sibh do na páistí eile ó Rang a 3 go 6 a ghlac páirt chomh maith. Comhgáirdeachas dár bhfoireann iomána a thaisteal go Uarán Mhóir na Gaillimhe agus a bhuaigh Corn Kyle Mhic Bhrain i gcoinne Gaelscoileanna ó chúige Chonnacht, na Mumhan agus Laighean don gceathrú uair coicís ó shin agus míle buíochas do Mhúinteoir Brian a bhí leo ar an lá agus Múinteoir Nioclás a thug an méid sin chabhair dóibh i rith na bliana.

Roghnaíodh mar imreoir A na bliana Shane Ó Glinn agus imreoir B na bliana, Liam Ó hÚallacháin, a bhfuair a chuid duaiseanna ag an tionól ar an Máirt. Ba Rós Ní Cheallaigh, Rang a 6, a bhuaigh duais imreoir na bliana sa chamógaíocht. Buíochas do Mhúinteoirí Ivan agus Siobhán don dea-obair leis an bhfoireann chamógaíochta i mbliana.

Comhgáirdeachas speisialta le Jack Aighlmear a bheidh ag imirt i gcluiche Chumann na mBunscoil le linn leath-chraobh peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh agus go Freya Hardy Petit de Mange a bheidh ag imirt sa chluiche leath-ama le linn Chraobh Peile na hÉireann i mí Meán Fomhair ann chomh maith.

Congratulations to Rang a Dó who had a wonderful win over St. Canice’s school to claim the city second class title in Nowlan Park in recent weeks. Well done to Múinteoirí Maria and Máire Ruth who did a great job preparing them for the occasion. Well done also to all the children form Rang a 3 to 6 who took part in the city leagues and got great enjoyment out of the clashes with our local rivals!

A huge well done to our senior hurling team who won the Kyle Mac Bhrain tournament organised by Gaelscoil de hÍde in Oranmore, Co. Galway for the fourth time two weeks ago. They were in competition with Gaelscoileanna from Munster, Leinster and of course Connacht. Thanks to Múinteoir Brian for his coaching on the day and to Muinteoir Nioclás for his work with the team during the year also.

Shane from Rang a 6 and Liam from Rang a 5 were chosen as the A and B players of the year and accepted their trophies at tionól on Tuesday. Rós from Rang a 6 was presented with the camogie player of the year award also and we are hugely thankful to Múinteoir Siobhán and Ivan for their unstinting work with the girls this year.

Finally, was are delighted that Jack from Rang a 6 will represent our school and the county in the half time Cumann na mBunscoil game at the All Ireland football semi-final in August while Freya will get to play in the game at the All-Ireland football final in September.

Coláiste Pobail Osraí

Tá Coláiste Pobail Osraí ag ceiliúradh 25 Bliain ar an bhfód an bhliain seo agus beidh ócáid mhór acu in Óstán Langton’s ar an Déardaoin, an 26ú Deireadh Fomhair. Beidh fáilte roimh iar-scoláirí, tuismitheoirí agus cairde na scoile ar an oíche.

Chomh maith le sin, tá an scoil ag súil go mór le tógáil na scoile nua in Iarthar na Cathrach go luath. Tá grúpa maith scoláirí ónár scoilne ag dul ar aghaidh go dtí an Choláiste i mí Meán Fomhair agus tá sé i gceist againn cruinniú eolais a bheith againn sa Ghaelscoil do thuismitheoir Rang 1 4-6 ag tús mí Meán Fomhair chun buntáistí an oideachais dara leibhéal lán-Ghaelach agus pleananna don scoil nua a phlé. Bí cinnte go bhfuil an Choláiste san áireamh agaibh agus sibh ag féachaint ar rogha na blianta romhainn.

Coláiste Pobail Osraí will celebrate 25 years of wonderful education trí Ghaeilge at a major function in Langton’s Hotel on Thursday 26th October and all past students, parents and friends of the school are welcome. Of course the school, which was founded by parents of our first Rang a 6 in Gaelscoil Osraí to ensure their children could continue their education in the Irish language, is also looking forward to its brand new, state of the art independent and stand-alone school, with the best of sporting and other learning facilities in the West of Kilkenny city in the next few years. We will host a meeting of all parents from Rang a 4 to Rang a 6 in early September to outline the advantages of continuing bilingual education in this award-winning school and we urge you to encourage your children to actively consider the Coláiste, with its fantastic track record of academic, sporting and personal achievement when thinking about their choices in the coming years.

Slán Abhaile

Ag an deireadh, guímid samhradh iontach oraibh ar fad. Míle buíochas dár múinteoirí, cúntóirí, rúnaithe Eileen agus Siobhán, glantóirí Bernie agus Gerry, ár gcabhraitheoir speisialta Emma agus coimeádaí iontach Frankie.

We wish you all a wonderful summer and thanks to all our teachers, Special Needs Assistant Mags and Rita, our secretaries Eileen and Siobhán, our cleaners Bernie and Gerry, our special staff member Emma and of course our wonderful caretaker Frankie.

I’ll sign off with inspiring words from the wonderful Principal of St. Louis Senior Primary school, Rathmines, Pádraic Carney, who tragically lost his life while cycling to school last week. We offer our condolences to his family and colleagues but will take inspiration from his greeting to students on his school website last September. Suaimhneas na síoraí agat Pádraic and may your passing give us all a sense of perspective and an appreciation of the importance of living for the moment.

“There is a lot to be grateful for and much to look forward to. I ask that all our pupils do their very best in every aspect of school life. Remember that ‘doing your best is more important than being the best’ If you do your best in everything there is no more I can ask.”

Bíodh samhradh álainn againn ar fad.

Máistir Seán

 

 

Recommended Posts