Déan teangmháil linn / Contact us - Tel.: (056) 776 5697 | Fax: (056) 775 0110

  • Gaelscoil Osraí Cill Chainnigh 30 bliain ag fás
  • Naíonáin Mhóra ag feirmeoireacht ar maidin

    Naíonáin Mhóra ag feirmeoireacht ar maidin

    Tháinig ár gcairde nua i Mí Dheireadh Fómhair. Thugamar Nóinín, Peicí agus Twítí orthu. Is cearca, spraoiúla agus cainteacha iad, go háirithe ar maidin!

    Bíonn an- spraoi againn gach maidin ag tabhairt aire d’ár gcearca áille! Bíonn go leor rudaí le déanamh agus le seiceáil againn gach lá. Bíonn orainniad a bheathú, bia agus uisce a thabhairt dóibh, iad a scaoileadh amach ag spraoi agus ag bailiú na huibheacha blasta a fhágann siad sa chró dúinn.

    WP_20141210_009

    Ag bailiú na huibheacha

    WP_20141210_006

    Ag obair le chéile!

    WP_20141210_011

    Twití agus Peicí sona sásta ag ithe a mbricfeásta

    Tá Nóinín an fiosrach agus bíonn uirthi a bheith amuigh roimh an dá chearc eile ar maidin. Is cearc ciúin agus neamhspleách í Twítí a dhéanann a rogha rud féin. Bíonn Peicí an dána go minic ag peiceáil Múinteoir, Frankie agus na páistí; agus ag rith uainn nuair atá sé in am di dul isteach a chodladh!!! Ach is aoibhinn linn an triúr acu. WP_20141210_010 WP_20141210_008 WP_20141210_007

    Obair na Maidine

    Obair na Maidine