Rialacha na Scoile
1. Labhair Gaeilge i gcónaí inár scoilne agus déan iarracht í a labhairt gach aon áit.
2. Bí ar scoil agus Bí an am. Tosaíonn an lá scoile ag 9.10 am agus ba chóir do gach pháiste a bheith in líne ag an am sin. Bíodh nóta agat aon am go bhfuil tú déanach nó as láthair.
3. Bí deas agus béasach i gcónaí do gach páiste eile agus do gach duine fásta inár scoilne. Glac le treoracha daoine fásta i gcónaí.
4. Is breá linn súgradh agus imirt. Ná bí garbh ar an gclós riamh agus ná gortaigh éinne riamh.
5. Bí ag siúl laistigh den scoil i gcónaí. Tá sé dainséarach a bheith ag rith.
6. Déan d’obair i gceart sa rang agus déan d’obair bhaile i gcónaí.
7. Bíodh lón slaintiúil agat gach lá. Ná bíodh milseáin, deochanna coipeacha nó lán de shiúcra, criospaí nó guma coganta agat. Tá cead ‘treat’ bheag a bheith agat ar an Aoine.
8. Bí go maith don dtimpeallacht- Tar ar scoil ag siúl, ag rothaíocht nó ar an mbus nuair gur féidir.
9. Bí cúramach i gcónaí le treallamh agus leabhair na scoile agus le do rudaí féin.
10. Caith an éide scoile i gcónaí. Tá cead agat an chulaith reatha a chaitheamh sna naíonáin agus ar lá chorp oideachais.