Ráiteas um Chumhdach Leanaí

Gaelscoil mheasctha, dháshruthach is ea Gaelscoil Osraí a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge ó na Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang a Sé.

De réir riachtanas an Achta Tús Áíte do Leanaí 2015, Tús Aite do Leanaí: Treoirlínte Naisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna 2017 agus de réir na Treorach ó Tusla maidir le hullmhúchán Ráiteas um Chumhdach Leanaí, tá aontaithe ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil Osraí an Ráiteas um Chumhdach Leanaí a leagan amach sa cháipéis seo.

  • Tá glactha ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil Osraí le Nósanna Imeachta na Roinne maidir le Cosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iarbhunscoileanna 2017 mar chuid den Ráiteas iomlán Chumhdach Leanaí agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ina n-iomláine, gan leasú.

 

  • An Duine Idirchaidrimh Ainmnitheis ea: Seán Ó hArgáin, Príomhoide

 

  • An Duine Idirchaidrimh Ainmnithe Tánaisteach (DIAT) is ea: Siobhán Ní Chorcora, Príomhoide Tánaisteach

 

  • Aithníonn Bord Bainistíochta Ghaelscoil Osraí go bhfuil cúrsaí chosaint agus leasa leanaí lárnach i ngach gné de shaol na scoile agus gur gá go bhfeicfear é seo i bpolasaithe uile na scoile, i nósanna imeachta na scoile, i gcleachtas na scoile agus in imeachtaí na scoile. Cloífidh an scoil leis na prionsbail dheachleachtais a leanas maidir le cosaint agus leas leanaí. Déanfaidh an scoil:

 

  1. Cosaint agus Leas Leanaí a aithint mar an rud is tábhachtaí, beag beann ar chúrsaí eile
  2. Cloí ina iomláine leis na dualgais reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus le reachtaíocht eile ábhartha a bhaineann le cosaint agus le leas leanaí.
  3. Comhoibriú go huile is go hiomlán leis na húdaráis reachtúla ábhartha maidir le cúrsáí chosaint agus leas leanaí.
  4. Glacadh le cleachtais shábháilte chun an fhéidearthacht go dtarlódh díobháil nó timpistí do leanaí a laghdú agus chun oibrithe a chosaint ar phriacail neamhriachtanacha a d’fhágfadh go ndéanfaí líomhaintí mí-úsáide nó faillí ina gcoinne.
  5. Nós na hoscailteachta le tuismitheoirí a fhorbairt agus rannpháirtíocht na dtuismitheoirí in oideachas a bpáistí a spreagadh; agus
  6. Meas a léiriú ar riachtanais rúndachta agus iad ag plé le cúrsaí chosaint leanaí.

 

Tá na nósanna imeachta/beartais seo a leanas i bhfeidhm:

 

  1. Maidir le haon bhall foirne atá ina (h)ábhar fiosrúcháin (pé cur síos a dhéantar air) maidir le haon ghníomh, le haon neamhghníomh, nó le haon chás, maidir le haon pháiste atá ag freastal ar an scoil, cloíonn an scoil leis na nósanna imeachta leagtha amach i gCaibidil a 7 de na Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna 2017 agus leis na nósanna imeachta ábhartha smachta aontaithe do bhaill foirne scoile atá foilsithe ar shuíomh idirlín na ROS.
  2. Maidir le roghnú nó earcú na mball agus lena n-oiriúnacht chun obair le páistí, cloíonn an scoil le riachtanais ghrinnfhiosraithe reachtúla an Achta BGN (Leanaí agus daoine soghonta) 2012 go 2016 agus le treoir níos forleithne dhualgas chúraim leagtha amach i gciorcláin ábhartha na nGardaí um ghrinnfhiosrú agus um earcú atá foilsithe ag an ROS agus ar fáil ar shuíomh idirlín na ROS.
  3. Maidir le soláthar an eolais agus, nuair is gá, teagaisc agus oiliúna don fhoireann maidir le déanamh díobhála a aithint (mar a shainmhínítear san Acht 2015), déanann an scoil;
    1. Cóip de Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile a sholáthar do na baill foirne ar fad.
    2. Cinnte de go ndéantar cóip de Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile a sholáthar do gach ball foirne nua
  • An fhoireann a spreagadh leas a bhaint as oiliúint ábhartha
  1. Baill an Bhoird Bhainistíochta a spreagadh chun leas a bhaint as oiliúint ábhartha
  2. (faoi chúram an Bhoird Bhainistíochta) taifead a choimeád d’oiliúint na mball agus bhaill foirne an Bhoird Bhainistíochta.
  1. Maidir le tuairisciú buarthaí faoi chosaint leanaí do Tusla, tá ceangal ar gach ball foirne scoile cloí leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sna Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna 2017, i gcás múinteoirí cláraithe, na cinn sinn a bhaineann le tuairsciú sainordaithe faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, san áireamh.
  2. Sa scoil seo, tá an DIA thuasainmnithe ceaptha ag an mBord mar an duine ábhartha (mar a shainmhínítear san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015) le bheith ina chéadphointe teagmhála maidir le Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile.

 

  • Tá gach aon mhúinteoir cláraithe fostaithe ag an scoil ina nduine faoi shainordú faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.

 

  • De réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, tá an Bord tar éis measúnacht priacail a dhéanamh ar an bhféidearthacht díobhála do pháistí agus iad ag freastal ar scoil nó ag glacadh páirte in imeachtaí na scoile. Tá measúnacht scríofa a leagann amach na réimsí priacail aitheanta agus na nósanna imeachta chun na priacail sin a bhainistiú ceangailte mar aguisín leis na nósanna seo.

 

  • Tá fáil ar na nósanna imeachta éagsúla a ndéantar tagairt dóibh sa Ráíteas seo ar shuíomh idirlín na scoile, ar shuíomh idirlín na ROS nó ar fáil ó scoil ach é a iarraidh.

 

Nóta:  Níl an méid thuasluaite le bheith ina liosta uileghabhálach. Cuimseoidh Boird Bhainstíochta éagsúla nósanna imeachta/beartais eile a bhaineann le hábhar sa scoil atá i gceist.

 

  • Tá an ráiteas thuas foilsithe ar shuíomh idirlín na scoile agus tá sé curtha ar fáil go gach ball foirne na scoile, do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dóibh) agus don Phátrún. Is furasta do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí teacht air ach é a iarraidh. Déanfar cóip den Ráiteas a chur ar fáil do Tusla agus don Roinn má iarrtar.

 

  • Déanfar Aithbhreithniú bliantúil ar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí nó chomh luath agus is féidir tar éis aon athruithe ábhartha ar aon rud a ndéanann an Ráiteas seo tagairt dó.

 

Ghlac an Bord Bainistíochta an Ráiteas seo um Chumhdach Leanaí ar 20ú Márta 2018.
Sínithe: _________________________                             Sínithe: _________________________

Cathaoirleach an Bh.Bh.                                     Príomhoide/Rúnaí an Bh.Bh.

Dáta:     ________________________                                Dáta:    __________________­­­­­­­_______