• Polasaí in aghaidh Bulaíochta
    Is í aidhm na scoile ná timpeallacht aireach agus urramach, a chothaíonn fás pearsanta agus féinmheas dearfach a chur ar fáil. Creidimid go bhfuil sé de cheart againn uilig bheith ag fás agus ag obair gan chiapadh millteach bheith ag cur isteach orainn.
    Ar an ábhar sin ní chuirimid suas le bulaíocht i gcuma ar bith.
    Céard í Bulaíocht / Maistíneacht?
    Ionsaí athdhéanta gur cúis leis náire, pian nó goilliúnacht i nduine eile. Ní ghlaofá bulaíocht ar chásanna aonaracha de iompar foghach, Ach, nuair atá an t-iompar sin de réir eagair agus leanúnach is bulaíocht atá ann.
    ·         Tá foirmeacha áithrithe ann: lámh láidir, ó bhéal, comharthaí, sracaireacht agus coinneáil amach.
    ·         Is mí-úsáid cumhachta atá ann.
    ·         Thig lei bheith pleanáilte agus eagraithe nó gan mhachnamh.
    ·         Thig le duine aonair nó grúpa bheith páirteach.
     
    1.         Is measc Cineálacha Bulaíochta tá;
    Tá Leasainmneacha ar an gceann is tromchúisí.  Ag cur ainmeacha maslacha, ag gríoga nó ag scaipeadh ráflaí faoi dhaoine eile. Nuair atá sé gan stad gan staonadh agus dírithe ar duine (nó daoine) céanna chun é / í / iad a ghoilleadh / mhaslú / nó náiriú, is beart tromchúiseach bulaíochta é. I measc samplaí de seo tá ‘ Cluasánach, dallacán, dúramán, peata an mhúinteoir cruimh leabhar srl. Is ísliú céime iad seo a dheineann beag is fiú de chumas agus éachtaí duine ar a bhíonn siad dírithe.
    2.Leithlis
    Ag fágáil duine amach as an ngrúpa d’intinn é / í a ghoilliú. Is cosúil go bhfuil an cineál seo de rang nó ón rang ar fad. B’fhéidir freisin go scríobhtar rud maslach faoil duine ar an gclár dubh, nó go dtéann nótaí ó láimh go láimh, nó maslaí ráite i gcogar ach inchloiste sa rang.
    3.       Fogha magaidh
    Go minic ní bhíonn locht ar bhith ann, is cuid den ghnáth chaidreamh idir dhaoine í. Ach, ma bhíonn se dírithe de shíor ar dhuine go pearsanta ag caint ar a c(h)uma, a c(h)uid éadaí, a s(h)láinteachas pearsanta, nó ar bhaill a d(h)uintire is bulaíocht atá ann. Is bulaíocht í freisin caint gháirsiúl i dtaobh claonadh gnéasach an dalta.
    4.       Aon chineál fogha corpartha, buile, brú, cic, sonc, tuisle, no chaitheamh seile le duine eile.
     
    5.       Imeaglú
    Tá sé seo bunaithe ar chuma an-bhagrach coirp agus an guth a úsáid mar arm. Ta sé
    an-ghoilliúnach ar íobartaigh. Is í seo an tsúil mhillte a chuireann ionsaí / míthaithnean no drochmheas in iúl. Is ísliú díreach nó indíreach é do dhuine leochaileach. 
     
    6.       Sracaireacht
    Is minic a bhíonn bagairt in éineacht le héileamh ar airgead. Bíonn ar an íorbartach airge ‘cosantach’ a bheireadh chun na scoile ar an eolas go mbeadh pionós corportha scalladóireacht mura bheirtear. Bhíonn air / uirthi criospaí, milseáin agus earraí eile a chur ar fáil don mhaistín mar chúiteamh ar shíocháin.
     
    7.       Dochar do Mhaoin Phearsanta
    Ag cur isteach ar mhaoin daoine eile trí ghoid, cuir I bhfolach, díobháil nó scriosadh. Is min a deineann an maistín díobháil ar éadach, leabhair scoile agus earraí eile foghlama. Scaipte a bhíonn sna málaí scoile nó na boscaí pinn ar an urlár.
     
    8.       Glaonna maslacha / bagracha ar an nguthán
    Ag fáil bréag-ghlaonna cráite nó glaonna bagracha. Is cineál sracaireachta teanga é seo an-choitianta nuair is múinteoir an t-íobarthach.
     
    Comharthaí Iompair Bulaíochta
    Gortú corportha, brú craicinn nó gearradh gan mhíniú, fiacla briste, gá le cóir leighis, éadaigh díobháilte.
    Eagla a c(h)roí air / uirthi roimh dhul ar scoil, no ag diúltú dul ann.
    Ag mothú tinn, pianta sa ghoile, tinneas cinn agus de shíor ag coinneáil siar deora.
     
    Comharthaí feiceáileacha de imní nó crá: Stadaireacht, dul ar ghúl, tromluithe, deacrac codlatha, gan ag ithe, ag caitheamh aníos, ag múnadh faoi / fúithi. Tromluithe ag teacht air / uirthi ina mbíonn sé / sí gan chuidiú nó gan bhealach éalaithe.
     
    ·         An lá a chaitheamh faoin tor
    ·         Imní faoi thaisteal go dtí agus / nó ón scoil
    ·         Ag iarraidh ar thuismitheoirí é / í a bhreith chun nó bhailiú ón scoil.
    ·         Ag aistriú an bhealaigh srl.
    ·         Imní faoi dhul amach sa chlós
    ·         Meath i mbaint amach acadúla, ag cailliúint dianmhachnaimh, díograis agus suime sa scoil.
    ·         Maoin ar iarraidh nó díobháil déanta air.
    ·         Ag goid airgid, milseán nó bia chun maistín a shású.
    ·         Ag cailliúint muiníne as na tuismitheoirí, cairde nó in a gcumas cuidiú leis / léi mar sin ag diúltú a rá céard atá ag cur buartha air / uirthi.
    ·         Ag mothú lochtach, ag cailliúint féin-mhuiníne, ag éirí aonarach sa seomra ranga.
    ·         Ag insint bréag leis na tuismitheoirí agus ag iarraidh maistíneacht a dhéanamh ar pháis níos óige.
     
    Ní chaithfidh go gciallaíonn na comarthaí thuas go bhfuil maistíneacht á dhéanamh ar phaiste. Is féidir gur fadhbanna eile is cúis leo. Ma bhíonn áth tharlú díobh le chéile áfach, is fiú fiosrú chun fáil amach céard atá ag cur isteach ar an bpaiste.
     
    Ag deighleáil le hiompar maistíneacht
    Fásann an t-iompar seo i dtimpeallacht eaglach agus rúnda. Chun é a stopadh caithfear tuairisc a thabhairt ar gach cás gan eisceacht ar bith.
     
    Molann an scoil do dhaltaí
    Diúltú glan ar pháirt a ghlacadh i maistíneacht i gcuma ar bith.
    Má  tharlaíonn sé áfach, go mbíonn tú í láthair:-
    (a)    Déan iarracht ar é a stopadh más cuí. Bí teann, seas ar aghaidh an mhaistín agus abair leis / léi nach bhfuil call leis an iompar sin.
    (b)   Tabhair tuairisc ar an eachtra nó ar an eachtra amhrasach agus cuidigh le briseadh an chórais rúnda.
    Má bhíonn sé de mhiseach ag daltaí a bhfuil maistíneacht a dhéanamh orthu labhairt amach b’fhéidir go maolóidh siad an phian orthu fhéin agus ar íorbartaigh le teacht.
    Molann an scoil do thuismitheoirí
    Bheith san airdeall ar chomharthaí anróiteacha ar a bháistí m. sh. neamhthoilteanach dul ar scoil, tinnis chinn orthu go rialta, ag cailleadh gléasanna, ag iarraidh breis airgid, éadaigh díobháilte nó brú craicinn.
    ·         Moladh do na páistí sonraí no eachtraí a insint don mhúinteoir.
    ·         Le cead an pháiste an scoil a chur ar an eolas má tá amhras faoi mhaistíneacht. Coinnigh tuairisc scríofa (cé, céard, conas, cathain, cá háit, cén fáth, diúltú do ghlór teann. D’fhéadfadh le féin mheas an pháiste agus a t(h)eanga choirp teachtaireacht a thabhairt do pháistí i gcumas maistíneachta.
    ·         Cuir suim ghníomhach i saol sóisialta agus lucht aitheantais an pháiste
    ·         Ba chóir páistí a spreagadh chun labhairt faoi mhaistíneacht agus faoi aon imní atá orthu faoi. Ba chóir go mbeadh na tuismitheoirí toilteanach cluas a thabhairt i gcónaí.
    ·         Bheith toilteanach teacht chun na scoile chuig agallamh má bhíonn páiste gafa in aon eachtraí maistíneachta.
    Má bhíonn an fhoireann, daltaí agus tuismitheoirí ag obair as láimh a chéile thig linn timpeallacht slán aireach a chruthú.
    Polasaí na Scoile
    ·         An Modh a chuirtear i grích nuair a bhíonn Tuairisc ar Eachtra Mháistineachta.
    ·         Ba chóir scéal aon eachtra mhaistíneachta a insint don mhúinteoir ranga, an múinteoir ar dhualgas sa chlós, nó an Príomhoide. Mar seo beidh a fhios ag páistí go deighleáilfear go tuisceanach leis an tuairisc.
    ·         Déanfaidh an múinteoir ranga nota de aon ath-tharlú ar an iompar maistíneachta.  Déanfaidh an múinteoir iniúchadh ar gach eachtra – ‘céard, cé, cathain, cén fáth? Is féidir eolas fóineach a fháil ó pháistí nach raibh baint díreach acu leis an eachtra. Beifear ag súil le cuidiú uathu.
    ·         Cuirfear scéal faoi fhadhbanna tromchúiseacha / seasmhacha go dtí an Príomhoide.
    ·         Cuirfear scéal chuig tuismitheoirí an íobartaigh agus an mhaistín.
    ·         Cuirfear agallamh ar an íobartach agus ar an té ar cuireadh maistíneacht ina leith ina nduine is ina nduine.   Cuirfear ar a s(h)úile don mhaistín éifeacht na bulaíochta agus ar bhuairt a cuireadh. Iarrfar air / uirthi machnamh a dhéanamh ar an (h) iompar agus ar a thoradh ar an íobartach.
    ·         Cuirfear an t-iompar ar eolas dá t(h)tuismitheoirí) agus iarrfar orthu / air teacht isteach agus é a phlé leis an múinteoir / bpríomhoide d’fhonn teacht ar réiteach ar an bhfadhb.
    ·         Coinneófar súil ar chúrsaí le cinntiú go mbeidh an fhadhb réitithe go h-iomlán.
    ·         Más baicle a bhíonn i gceist cuirfear agallamh orthu ina nduine is ina nduine agus ansin i ngrúpa. Iarrfar ar gach duine cuntas a thabhairt le cinntiú go mbeidh gach duine soiléar ar a dúirt gach duine eile. Is féidir cuntas béil nó scríofa a thabhairt.
    ·         Má bhíonn cásanna nach féidir leis an scoil teacht ar réiteach orthu cuirfear iad faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta.
    Má leanann an mhaistíneacht ar aghaidh cuirfear ceart na ndaltaí eile ar thimpeallacht clár foghlama chun tosaigh. Mar sin b’fhéidir an maistín a choinneáil sa scoil. Sa chás sin cuirfear scéal chuig tuismitheoir(í) agus b’fhéidir go n-iarrfar cead orthu / air é / a sheoladh chuig síceolaí. B’fhéidir go bhfaighfidh an t-íobartach comhairle agus tacaíocht le teacht chur réitigh leis an bhfadhb. 
     
    Céard atá le déanamh más maistín atá i do pháiste?
    ·         Ná himigh that bharr do chéile! B’fhéidir gur freagairt í seo ar rud eile i saol an pháiste m.sh. leanbh nua, bás sa chlann, fadhb dheacair sa bhaile srl. Tabhair an deis dod’ pháiste labhairt faoi aon rud atá ag cur  buairt air / uirthi.
    ·         Ná smachtaigh maistíneacht trí dul muinín tú fhéin. Ní dhéanfaidh buillí nó scalladh teanga ach rudaí a dhéanamh níos measa fós. Labhair le do pháiste agus déan iarracht cúis na faidhbe a fháil amach. Tabhair mothú agus dearcadh an íobartaigh le tuiscint dó. Glacfaidh é seo tréimhse ama.
    ·         Is minic a bhíonn féinmheas íseal ag maistíní. Bain tairbhe as gach deis chun iompar maith, cabhrach, tuisceana a mholadh.  Ná bí cáineach. 
     
    Chun an mhaistíneacht a dhíothú beidh comhoibriú le dhíth ón scoil go léir agus b’fhéidir go méadaítear ar an eolas trí Chainteanna, Dráma, Póstaeirí, Cruinnithe, Tréimhsí Creidimh srl.
    Tá gach duine freagrach as díothú a dhéanamh ar an maistíneach. Cuireann saothar taighde in iúl dúinn go dtagann meath ar an mhaistíneacht sna scoileanna do thoradh feidhmiú gníomhach, seasmhach, comhbheartaithe ar pholasaithe ina haghaidh. Ar an drochuair áfach, léiríonn an taighde freisin mura gcuirtear isteach go comhbheartach i gcoinne na faidhbe go leanfaidh páistí ag ceilt scéalta faoin chos ar bholg atá á imirt orthu agus leanfaidh na maistíní le Ré an Úafáis in a n-aghaidh.
    Caithfimid freagair dá Riachtanais. Le chéile is féidir timpeallacht ómósach, shábháilte a chothú.