Nuachtlitir mí Eanair 2015

Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise díobh ar fad is sinn ar ais ar scoil sa bhliain nua. Is bliain mhór i saol na scoile atá romhainn. Le cúnamh Dé beimid ag bogadh isteach inár seomraí nua go luath agus beidh na seomraí réamhdhéanta atá againn le roinnt bliana ag imeacht. Beimíd ag fógairt go luath na ranganna a bheidh ag dul isteach sna seomraí nua agus tá súil againn an bogadh a bheith déanta roimh an bhriseadh meán-téarma ar an 19ú agus 20ú Feabhra.

A very happy New Year to you all and we are all delighted to be back to school after a pleasant Christmas break. We are looking forward to a big year when we will have moved into our new classrooms and have access to all the other facilities in our school extension. We also hope to be waving goodbye to our prefab classrooms which we have had now for almost a decade. We will announce the classes which will be moving into the extension very soon and we hoped to have moved by the midterm break which takes place on Thursday and Friday the 19th and 20th February.

Ceolchoirm mhór ag teacht

Tá ceolchoirm an-speisialta á n-eagrú againn ar an 20ú Feabhra mar chuid de cheiliúradh 30 bliain na scoile. Tá cuid de na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr sa tír againn ar an oíche, ina measc Múinteoir Iarla, Steve Cooney agus cairde, Liam Ó Maonlaí agus Fiachna Ó Braonáin ó Hothouse Flowers, Na Casadaigh, Seo Linn agus iar-mhúinteoir na scoile agus buaiteoir Chorn Uí Riada don amhránaí sean-nóis is fearr sa tír i mbliana, Nell Ní Chróinín. Chomh maith le sin, beidh Réalta na Gaelscoile, grúpa d’iar-scoláirí le adoine cosúil le Múinteoir Fiona, Colm Ó Caoimh agus daoine eile ag seinnt ar an oíche. Tá na ticéidí ar fáil anois ar €20 an cheann ó oifig na scoile agus ó Rollercoaster Records ar Sráid Chiaráin. Tá na sonruithe ar Facebook chomh maith agus bheimís buíoch dá scaipfeadh sibh an fhocal le bhur dtoil. https://www.facebook.com/events/659742887478004/?ref_dashboard_filter=upcoming

Bailiúchán éadaí/Clothes Collection

Toisc go bhfuil glantachán an Earraigh luath ar siul ag roinnt agaibh, bheimís buíoch d’aon málaí éadaí ghlana atá á chaitheamh amach. Beidh bailiúchán againn an Déárdaoin seo chugainn, an 15ú agus is féidir málaí móra a fhágain isteach go halla na scoile ó amárach ar aghaidh. Gheobhaidh an scoil an tairgead a thagann ón mbailiúchan agus tagann sé le polasaí athchúrsála na scoile agus sin nag obair d’ár gcúigiú bhrat ghlas a fháil.

As some of you may be engaging in an early spring clean, we would ask you to donate to us any clothes or shoes you are looking to get rid of. We are having a collection next Thursday the 15th January in the school and we would ask you to support us. Proceeds of the collection again go to school funds.

Prefabs le díol

Tá dhá sheomra réamhdhéanta á ndíol againn. S’iad an dá cheann deireanach ar thaobh Mario’s atá i gceist ina bhfuil seomra Rang Deirdre Maria agus na múinteoirí tacaíochta foghlama Iarla/Liselott agus Nioclás faoi láthair. Is dhá sheomra réasúnta nua iad seo agus tá crut an-mhaith orthu. Má tá suim agat féin nó éinne ar aithne agat iad a cheannach, dean teangmháil le Máistir Seán le do thoil.

We are selling two prefabricated classrooms which the school owns. They are the last two prefabs at the Mario’s end of the yard in which R a 2 Deirdre Maria and the learning support rooms of Múinteoirí Iarla/Liselott and Nioclás are at present. These prefabs are relatively new and are in excellent condition. If you or anybody you know is interested in purchasing these buildings, please contact the Máistir as soon as possible.

Crannchur na Scoile

D’eirigh thar barr lenár gcéad chrannchur mhór sa scoil le fada an lá. Thar tréimhse dhá mhí agus deich tharrac, thógamar isteach níos mó na €18,000 agus thugamar amach níos mó ná €2,000 i nduaiseanna. Táimid thar a bheith buíoch díobh ar fad as ucht an tacaíocht iontach a thug sibh dúinn agus is tús iontach é seo le feachtas bailiú airgid don síneadh scoile agus don bpáirc Astroturf amach anseo. Go háirithe táimid an-bhuíoch do Caroline Clifford ón mBord Bainistíochta a thug cabhair iontach dúinn leis an gcrannchur agsu d’Eibhlín agus Siobhán in oifig na scoile a dhein jab iontach ar an reachtáil.

Our school draw came to an end just before Christmas and was a huge success. Over two months and ten draws we took in over €18,000 and paid out over €2,000 in prizes. We thank you sincerely for your support of what has been a great start to our fundraising drive for our school extension and all-weather pitch. We are particularly thankful to Caroline Clifford of our Board of Management for the huge voluntary help she gave us in organising the draw  and to Eileen and Siobhán in the school office who did fantastic day to day work in the administration of the draw.

The following were the winners of Draws 9 and 10 and the seller’s prizes:

DRAW 9

  • €100 – Adrian O’Brien (Card 43 Ciara Ní Bhroin)
  • €50 – Trish Grace (Card 39 Lauren de Grás)
  • €30 – Siobhan Ní Chorcora (Card 9 Úna de Gaillí)
  • €20 – Helen Dooley (Card 224 Alex O Dulaíoch)
  • SELLER a)   €20 – Aobha Ni Nualláin Card 122
  1. b)  €10 – Sophie Ní Reachtúir Card 78

DRAW 10

  • €100 – Michael Morrow (Card 178 Cait Ní Mhuirí)
  • €50 – Lynda Hayes (Card 248 Cristoir O hAodha)
  • €30 – Melanophy Family (Card 205 Aoife Ni Mhaolanfaidh)
  • €20 – Fitzgerald Family (Card 30 Aisling Nic Gearailt)
  • SELLER a)  €20 – Eoin O Beaglaíoch
  1. b)  €10 – Múiniteoir Maria Ní Dhubhgháin

Sellers Prizes;

Cards with a full line sold = Framed Picture of Kilkenny Hurling Team = Simon Ó Geargáin

Cards with ALL LINES SOLD

iPAD = Ellie Ní Mhairtin / Rang a 3 / Muinteoir Maria R; Maire Ruth

TABLET = Aoibh Ní Fhaolain / Rang a 2 / Muinteoir Deirdre M

Rith Beo 2015

Dáta don dialann duit. Beidh Rith Beo 2015 ag dul ar aghaidh ar an Domhnach an 25ú Bealtaine.

Our annual family 3, 5 and 10k fun run goes ahead again this year on Sunday 25th May. This is a great way to use your New Years Resolution to get training for what has been a hugely successful event in recent years. Online registration is now open at http://eventful.com/events/rith-beo-gso-2015-/E0-001-071386445-1 and we look forward to seeing you all in action!

Bille Scoile

Uair amháin eile táimid thar a bheith buíoch don iarracht iontach atá déanta agaibh chun bille scoile na bliana a íoc. Cuirimid i gcuimhne díobh gur féidir méid beag nó an méid iomlán a íoc ar líne nó tríd an oifig.

Once again we thank you for your great support this year in paying your child’s Bille Scoile. We remind you that you can continue to pay any amount you can either online or through the school office and all your efforts are appreciated.

Clárúcháin 2015/ Next year’s admissions

Beidh na háiteanna sna naíonáin bheaga don scoil-bhliain 2015/2016 á dháileadh go luath. Bí cinnte go bhuil do pháiste cláraithe leis an oifig le’d thoil nó tá seans go gcaillfeá amach ar áit!

We will be allocating Junior Infants places for the next school year in the coming weeks. Please ensure that your child is registered with the office as even brothers and sisters who are not on the list may miss out if we haven’t received their details. Contact the office if in doubt.

iPads

Tá banc iPads ag teacht chun na scoile go luath le cabhair mhór ón t-airgead a bhailigh Coiste na dTuismitheoirí anuraidh. Beidh 32 iPads ar fad againn agus beidh siad in úsáid sna seomraí ranga. Beidh deireadh á chur lenár sean seomra ríomhaireachta ach beidh na ríomhairí atá ann á n-úsáid timpeall na scoile agus inár leabharlann nua.

We will soon welcome a bank of thirty two iPads to the school. This is one of the most significant pieces of investment being made in our school for quite a number of years and is being made possible by the great fundraising done by our Parents Association last year, as well as a grant from the Department under the Minor Works Scheme. The tablets will be used in the classrooms and are fantastic learning tools. Because of this our old computer room will cease to function and the machines in that room will be distributed throughout the school and in our new library.

Ranganna Gaeilge

Beidh ranganna Gaeilge do dhaoine fásta ag tosú sa scoil ar an Máirt an 3ú Feabhra. Tá fáilte roimh na doine a bhí ag freastal ar na ranganna roimh na Nollag teach tar ais ach tá fáilte mhór roimh foghlaimeoirí nua chomh maith.

Another New Year’s resolution might be to go back to using some of your Gaeilge. Classes for adults begin in the school on Tuesday the 3rd February and new learners are very welcome along with those who attended in the first term. The cost of the classes is €50 for ten weeks. You can book your place through the office.

Coiste na dTuismitheoirí/Parents Association

Beidh cruinniú Coiste na dTuismitheoirí ar siúl ar an gCéadaoin an 21ú Eanair ag 8.00 pm. Tá fáilte mhór romhat teacht agus cabhair a ofráil. Táimid an-bhuíoch do gach éinne a cheannaigh féilirí na bliana agus do bhailíomar breis is €2,500 don scoil dá bharr. Míle buíochas do Éimear mar chathaoirleach agus gach éinne a chabhraigh.

The next meeting of the school’s Parents Association will take place on Wednesday 21st. January at 8.00 pm in the school. All offers of help and anybody interested in joining the committee is very welcome. We are hugely thankful to Éimear and all the committee who worked hard on the lovely school calendar which earned more than €2,500 for school funds.

 

 

Recommended Posts