Nuacht na Gaelscoile – Eagarthóirí/ Editors: Rang 6
Imeachtaí na Naíonáin Bheaga
Bhí a lán rudaí deasa á dheanamh ag naíonáin bheaga le cúpla mí anuas. Bhí cóisir uachtar reoite ag rang Múinteoir Sorcha agus bhí ealaíon deas á dheanamh ag rang Muinteoir Sam. Chuaigh an dá rang go dtí Jurassic Park in Ostán an New Park agus bhí an-spórt acu.
Bhí rang Múinteoir Sorcha amuigh sa chlós ag tarraingt le cailc. Chuir an dá rang síolta sa ghairdín agus beidh plandaí deasa againn an bhliain seo chugainn. I mí Aibreán thug an dá rang cuairt ar an leabharlann i Loch Buí. Bhí téarma an-ghnóthach ar fad acu.
Hannah, Maria, Giulia, Liam agus Aimee .
Nuacht Rang 5
Chuaigh Rang a cúig Múinteoir Maria agus Rang Múinteoir Daithí thíos faoin mbaile go dtí an Comhairle Contae ar an 21ú lá de nhí Bealtaine ag rothaíocht.
Rinne an dá rang Spáinís le Cristina gach Máirt chomh maith.Ghlac siad páirt sa ukulele jam thíos sa Watergate le Múinteoir Clár.
Chuaigh Rang a cúig go dtí Dáil Éireann ar an 31ú de mhí Bealtaine i mBaile Átha Cliath.Bhí an sport is scléip acu ann.
Ar an 18ú de mhí Aibreán chuaigh an dá rang ar a dturas scoile síos go dtí Coláiste na Rinne i bPórt Láirge le haghaidh dhá oíche. Fad is go raibh siad ann thug siad cuairt ar an siopa áitiúil. Bhain siad an-sult go deo as a dturas scoile.
Holly, Aobha, Eoin, Paddy, Jack, Fionn agus Eoghan.
Nuacht Rang 1
Bhí a lán spórt agus scléip ag Rang a haon le cúpla mí anuas. Bhí ceachtanna iomáint, snámh agus rothaíocht acu . Bhí an spraoi acu leis na himeachtaí seo go léir.
Chuadar go dtí Jurasic Park in Ostán an New Park le haghaidh a dturas scoile ar an 5ú Meitheamh . Bhí am iontach acu ar an gcaisléan preabadh ann. Chuir siad an suim sna dionasúir go léir ann.
Chuadar ar an mbus go dtí amharclann an Watergate chun Puffin Rock a fheicáil le linn Seachtain na Gaeilge. Bhain said an taithneamh go deo as an seó.
Bhuaigh Hannah Ní Dhomhnaill i Rang Múinteóir Fiona agus Dearbhail comórtas póstéir. Táimid an-bhródúil aisti. Tá rang a haon go léir ag súil go mór le bogadh ar aghaidh go dtí Rang a dó an bhliain seo chugainn.
Emily, Katie, Emma , Faye , Finn agus Tom.
Rang a dó
Bliain iontach a bhí ag rang a dó le Muinteoir Ciara, Maria Bríd agus Niamh.
Le haghaidh an turas scoile chuaigh said go dtí an Dome i gCeatharlach. Bhí an-sport acu ag imirt lazer tag agus ag imirt bollaí .Rinne siad galór rudaí eile ann chomh maith cosúil leis an play zone .
Idir an Cháisc agus deireadh na bliana ghlac siad páirt i ranganna iomaníocht, rothaíocht agus imeachtaí eile cosúil le tionscanamh dianásóir. Bhí na tionscanaimh seo faoin saol a bhí ag na dianásóir .
Rinne siad báid ins an rang ealaín agus bhí an-spórt agus scléip acu á ndéanamh.
Rinne siad a gCéad Chomaoineach freisin i rith na bliana. Bhí an-lá go deo acu agus an Tae Bán i halla na scoile mar bhuaic phointe den lá.
Lucás, Riain, Anraí, Noah,Lelia, Pierce agus Dónal .
Sraitheanna Scoile
Ar deireadh, agus na míonna caite ag na cailíní is buachaillí idir Rang 4 agus 6 ag imirt camógaíochta agus iománaíochta ar maidin roimh am scoile, shroicheamar na cluichí ceannais. D’imir Uíbh Fháilí in aghaidh An Clár sa chluiche ceannais iománaíochta agus bhí an lá le hUíbh Fháilí ag an deireadh ach iomaíocht ghéar a raibh ann. An scór deiridh 6-7 in aghaidh 6-5.
B’fhéidir go raibh bearna níos mó idir na foirne sa chluiche ceannais camógaíochta ach iomaíocht fhíochmhar a raibh ann sa chluiche seo chomh maith. D’fhág na himreoirí gach rud ar an bpáirc le sár-thaispeántas scórála, cruachála blocála. Comhghairdeas leis an bhfoireann gorm a fuair an lámh in uachtar.
Jam Ucailéile
Ar an gceathrú lá déag de mhí Bealtaine, chuaigh Rang a sé is a cúig síos chun Amharclann an Watergate i gcomhair ceolchoirm ucailéile faoi stiúir Music Generation Bhí Scoil Naomh Eoin Dé ann chomh maith. Bhí spórt agus scléíp ag na páistí ag seinnt amhráin ar nós Shake It Off le Taylor Swift agus Budapest le George Ezra. Ár mile buíochas le Múinteoir Clár as a hiarrachtaí is a foighne linn ó thús na bliana.
Bhí taispeántas drumadóireachta le Jeremy ar siúl ag Rang a Ceathair sa halla freisin a bhain daonra na scoile an-taitneamh as.
Seachtain Rothaíochta
Bhí cosúlacht idir carrchlós na scoile agus Béising le linn Seachtain Rothaíochta i mí Bealtaine. Tháinig na céadta rothar isteach le linn na seachtaine. Thug ranganna a haon, a dó is a trí faoi cheachtanna rothaíochta ar an láthair scoile agus chuaigh ranganna a ceathair, cúig is a sé síos chuig carrchlós Halla na Cathrach ag tabhairt faoi chleasanna agus rásaí. Bhíomara scriosta ar deireadh ach bhaineamar taitneamh as a bheith amuigh faoin aer. Ár mile buíochas le Róisín, Catherine, Charlie, Jamie agus Múinteoir Proinnsiasa a chuir na himeachtaí in eagar.
Turas Scoile Rang 3
Ar an Déardaoin an 6ú de mhí an Mheithimh, chuaigh rang a trí suas chuig an t-Ionad Spóirt Uisce i mBaile Áth Cliath . D’fhág said ag a ceathrú chun a hocht. Tá a lán sleamhnán uisce ann agus tá linn snámha tonnta ann freisin. Bhí duine d’ár scríbhneoirí, Emma, ann agus an rud ab fhearr léi ann ná an linn snámha tonnta. Chuaigh said trasna an bhóthair chun an t-Ionad Spóirt Náisiúnta ina dhiaidh, áit a thug siad faoi ghníomhaíochtaí éagsúla. Bhí lá den scoth acu.
Gala Snámha
Bhí an-atmaisféar timpeall na scoile ar an gCéadaoin, an 19ú de mhí an Mheithimh, nuair a d’fhill foireann snámha na scoile ón Watershed agus sciathanna snámha na buachaillí, cailíní agus scoileanna-uilig coinnithe againn. Ar an lá, ghlacamar páirt in aghaidh Scoil Naomh Chainnigh, Scoil Naomh Pádraig, KSP, Scoil Naomh Eoin Dé agus Scoil na mBráithre Críostaí. Ár mbuíochas i gcónaí le Múinteoir Siobhán agus Maria a d’eagraigh na foirne scoile agus do na tuismitheoirí a thug tacaíocht ar an lá. Ní neart go cur le chéile.
Sacar Cúigear an Taobh
Bhí cúpla seachtain nach ndeánfar dearmad dóibh ariamh ag na foirne sacair sa scoil. I dtosach báire, chuaigh 2 foireann buachaillí agus 2 fhoireann cailíní go Baile Mhic Andáin chun páirt a ghlacadh i gCraobhacha an Chontae. Bhíomar an-iomaíoch le dhá fhoireann na buachaillí ag sroichint na cluichí réitithe. D’éirigh le foireann amháin cáiliú don bhabhta Deas-Laighean ach ard-mheas don taispeántas ag an bhfoireann eile ar an lá.Ó thaobh na cailíní de, shroich ceann de na foirne an cluiche ceannais ach, faraor, ní raibh an lá leo agus chaill siad in aghaidh foireann láidir ó Scoil Naomh Chainnigh.
Bhí an t-ádh linn nach raibh orainn taisteal ró-fhada don bhabhta Deas-Laighean. Bhí Evergreen mar óst ar an gcomórtas agus ina dhiaidh tús láidir, d’éirigh linn ár gcluichí ar fad a bhuacaint seachas ceann amháin. Bhí na Craobhacha Laighean romhainn. Níor éirigh le haon fhoireann scoile dul chomh fada ariamh. Turas fada chomh fada leis an Uaimh a raibh i gceist agus chasamar in aghaidh foirne ó Bhaile Átha Cliath, An Mhí agus Cill Mhantáin ar an lá. Fiú go rabhamar iomaíoch i ngach cluiche, bhí ard-chaighdeán i measc na foirne eile. Taithí maith a raibh ann.
Triail le Bolcán – Rang a Ceathair
Bhí an t-ádh le Múinteoir Ashleigh, Múinteoir Sam a bheith leo ar feadh tréimhse ar chleachtadh múinteoireachta. Ceann de na ceachtanna a dhearna sé leo ná ceann dírithe ar bholcáin. Rinne siad ceann mór i lár an tseomra. Ba mhaith leis an rang gach dea-ghuí a ghabháil le Muinteoir Sam agus é ag tosnú ar a shaol mar mhúinteoir bunscoile.
Slán le Múinteoir Ella, Fáilte ar ais le Múinteoir Niall
Rang a Trí
Bhí idir bhrón agus buíochas á mhothú i, Múinteoir Ella, ag deireadh mí Bealtaine. Chaith na páistí bliain iontach léi agus bhí siad an-sásta ina comhluadar. Chun aitheantas a thabhairt di, bhí cóisir sa rang agus d’fhéach siad ar scannán ar an mbord idirghníomach. Ina háit, sheas Múinteoir Niall isteach ina dhiaidh dó filleadh ó a bheith ag taisteal ar feadh bliana.
Turas Scoile Rang a Ceathair
I mbliana, bheartaigh Rang a Ceathair dul go Páirc Emerald dá turas scoile. D’fhág na páistí go mocha ar maidin agus turas dhá uair a chloig a raibh ann. Bhí saoirse ag na páistí ar fad dul timpeall na páirce ar a gcaothúlacht. Cú Chullain, Fianna Force agus Flight School na marcaíochtaí ab chailiúla agus bhí na páistí an-tógtha leis na halpacaí chomh maith. Gan dabht, bhí na páistí tuirseach traochta agus iad ag filleadh um thráthnóna.
An t-Oifeagach Forbatha C.L.G
Teastaíonn ó na ranganna ar fad a raibh á chóitseáil ag Bill Cody i gcaitheamh na bliana a mbuíochas a ghabháil leis. Thug sé bunchloch scileanna san iomáint, camógaíocht, peil Ghaelach agus sa bhunghluaiseacht dóibh i slí deas séimh nár bhraith éinne faoi bhrú.
Crisilidí
Thug na páistí sna Múinteoir Méabh faoi thurgnamh ag iniúchadh crisilidí ag fás. Bhailigh siad cúpla bolb i soitheach, trédhearcach plaisteach le caipín air. Sa chupán, thar tréimhse beagáinín níos mó ná seachtain, d’fhás siad go 10 n-uaire an méid a raibh siad ag dul isteach sa chupán. Crochann siad ón gcaipín agus iad fásta ar an iomlán agus athróidh siad ina gcrisilidí. Agus na crisilidí cruaidh, bíonn na ceallaí agus orgáin féileacáin ag forbairt. Éireoidh na crisilidí níos dorchaí go dtí go dtagann na féileacáin as na crisilidí. Bíonn am ag teastáil ó na féileacáin chun téarnamh ina dhiaidh na hathruithe ar fad.
Bhain na naíonain an-taitneamh as an turas scoile, Lá Spóirt, agus an turas go dtí an leabharlann le déanaí.
Tá siad réidh do Rang 1!
Gaeltacht
Go gairid ina dhiaidh laethanta saoire na Cásca, chuaigh páistí Rang a Cúig agus a Sé chun na Rinne ar thuras Gaeltachta. Seal Rang a Sé a raibh ann ar dtús. D’fhág siad an scoil maidin Luain chun dul cois trá i dTrá Mhór i gcomhair ceacht surfála. Fiú go raibh sé deacair a dhóthain na cultacha uisce a chur orthu, bhain na páistí an-scléip as. Ar aghaidh leis na páistí chun Coláiste na Rinne. Beannaíodh iad agus tugadh chun na suanliosanna iad. Thar dhá lá, bhí an-craic ag na páistí ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí lasmuigh is laistigh, ar fad trí mheán na Gaeilge. D’fhág Rang a Sé ar an gCéadaoin agus shroich Rang a Cúig ceann scribe. Bhain Rang a Cúig an oiread sin spraoi as a gcuid ama ann go bhfuil sé i gceist ag cuid acu freastal ar Chúrsa Samhraidh i gColáiste na Rinne i gceann cúpla seachtain.
Tá na prátaí sa gháirdín ag fás, agus táimíd ag fás freisin.
Samhradh aoibhinn breá,
An ghriain go hard sa spéir,
Nach álainn bheith saor fén aer,
Bheith saor faoin aer.
Slán ó Rang 6