Obair 2014
Tionscnamh Staire
Na Taiscéalaithe Luatha
Seo iad na tionscnaimh a rinne na daltaí le déanaí:
Christopher Columbus le Riona & Aisling
Vasco da Gama Le Niamh & Maebh
Da Gama – PhotoStory Michéal, Séamus & Cónal
Colombus – PhotoStory Darragh, Roibeard & Josh
Maggellan – Photostory Cara, Marc & Eddie
Marco Polo le Leagh, Sami & Ellie
Ferdinand Magellan le Stephanie
Ferdinand Magellan le Aideen & Lauren
Amerigo Vespucci le Ciara & Myla
Ag Priontáil T-Léinte do Oíche Shamhna
Rinneamar t-léinte a dhearadh agus a phriontáil do Oíche Shamhna. Seo conas mar a rinneamar iad.
Thugamar t-léinte isteach go dtí an rang don Aoine. Rinneamar ár t-léinte a phriontáil ar an Mháirt agus an Céadaoin.
Bhí orainn pictiúr a dhearadh agus ansin an dearadh a ghearradh amach as píosa páipéar.
Ansin chuireamar píosa páipéar glan isteach i lár na t-léinte. Chuireamar an dearadh ar bharr na t-léinte agus scáileán déanta as riteoga agus fáinne bróidnéireachta. Ansin chuireamar an péint ar bharr agus scaipeamar amach é.
Nuair a bhíomar críochnaithe á chuir an péint ar bhaineamar gach rud agus chrochamar suas iad ar lion le triomú. Ag an deireadh rinne an múinteoir iad a iarnáil.
Seo iad ár t-léinte críochnaithe 😀
(Scríofa ag Niamh Ní Fhaoláin & Eamonn Ó Maolagáin)
Lá na gCrann le Rang a 4
Ar an 10ú Deireadh Fómhair chuaigh Rang 4 síos chuig Páirc an Chaisleáin do Lá na gCrann. Bhíomar ag féachaint amach le haghaidh an chrainn an Sceach Gheal. Bhíomar ag féachaint ar na duilleoga agus na cnónna chun a chinntiú cén sórt crann a bhí ann.
Chonaiceamar a lán crainn éagsúla mar Chrann an Cnó Capaill, An Fheá, An Dair agus an Bheith Gheal. Chonaiceamar na lachain ag snámh ar an loch freisin. Bhí an t-siúlóid go hálainn.
Bhí an lá go hiontach agus bhaineamar a lán taitneamh as.
(Scríofa ag Aideen Nic Eamainn & Ríona Ní Chrualaoich)