Tús ghníomhach leis an scoil bhliain nua le Ealaíon Comhraic ar ais arís le Kevin is Áine. Chomh maith le sin tá Rachel ar ais le gleacaíocht. Tá seans go mbeidh Lisa ar ais le damhsa nós deanai sa bhliain.

Seachtain rothaíochta ag deireadh Mí Mean Fómhair.

Cuairt ón na fir ón Men’s Shed chun cabhrú linn ár rothar a choimead ag rith duinn!! Beidh siad agt eacht go dtí an scoil Dé Máirt 26/11/13  3&10/12/13.

Sraith Dodgeball roimh na laethanta saoire.

Rith Beo Gael ScoilOsraí

An coiste ag obair i dtreo ár gcéad rith clainne. Beidh an Rith Beo ar siúil ar an 26ú Bealtaine 2013 ag meán lae (12:00). Ta 2 rás againn rás 5km is 10km. Ag tosnú is ag críochnú ag an scoil. Beidh ceol craic agus spraoí againn sa scoil tar éis an rás chomh maith le cupán tae!!. Beidh duaiseanna iontacha ar luach €1,000.

Tá traenáil gach oíche Luan 6:30pm, Céadaoin 6:30pm is maidin Aoine 9:10am chuige seo. Tá míle fáilte riomh gach duine is tá costas €2 do dhaoine fásta is níl aon costas do pháistí.

 

Céilí Mór

Beidh céilí mór againn sa Watershed ar an Déardaoin 14ú Márta le haghaidh seachtain/mí na gaeilge!! Beidh an- spórt againn ar an lá le duaiseanna iontacha is ár iar Mháistír Mícheál Ó Máirtín mar fear an tí againn. Beidh an céilí faoi stiúr ár Múinteoir iontach damhsa Eibhlin..

 

 

 

Scoil Ghníomhach / Active School

Thosaigh an Coiste Scoil Gníomhach i mbliana, chun cúrsaí spórtúil, spraoiúil a phlé.  Ta dhaltaí ó rang a 3 -6, múinteoirí agus tuismitheoirí ar an gCoiste. Buailifimid le chéile gach Aoine ag am lón.  Ar dtús bheartaigh cupla dhaltaí ó rang a sé chun a scileanna peil, rugbaí agus sacar a mhúnadh chuig na bun rangana. Is breá lena páistí na spóirteanna difrúila agus tá siad ag fhoghlaim go tapaidh. Thosaigh bheirt páiste ó rang a 3 ag míniú na ‘yard markings’. Iad sin ná cluichí éagsúila a bhfuil tarraingte ar dtalamh na gclóise.

Bheartaíomar ar lá a roghnú gach seachtain chun iarracht a dhéanamh siúl nó rothaíocht ar scoil. bhí tús ana mhaith againn nuair a tháinig an Mhéara David Fitzgerald is iar-imreoir rugbaí dÉireann Mike Galwey chun na scoile chun tacú linn len ár bhfeachtas. Bhíomar sa pháipéar nuachtáin freisin!! Fuair gach duine a rinne iarracht gan teacht chomh fada le doras na scoile sa charr, píosa úll nó oráiste nó mealbhacháin uisce is greamóg gach Mháirt freisin!

Ón 31ú lá go dtí an 8ú lá de mhí Bealtaine, bhí ár Seachtain Gníomhaíoch againn sa scoil. Bhí a lán, lán imeachtaí eagsúla ar súil- Yoga, Dornálaíocht, Damhsa Cruthaitheach, Skipeáil, Sacar agus Luthchleasaíocht. Ar ‘Lá na laochanna spóirtúila’ ghléas na daltaí suas i réimse mór feistisí -bhí  idir snáimheoirí, lúthchleasaithe agus dhornálaithe againn!! Thug foireann iománaithe Cill Chainnigh, Joanne Cuddihy, Derbhla o Rourke, Katie Taylor, Foireann Rugbaí na hÉireann, Gráinne Murphy, Trapattonni is a fhoireann is morán laochra eile cuairt orainn  an lá sin!!! 

Bhí sraith sacair ar siúl againn gach lá freisin- bhí ainm tír ar gach fhoireann agus bhí na páistí in ann tacú leis an tír ab fhearr leo! Bhí na gcraobhacha ar siúl ar an 19ú lá Meitheamh. Tráthnóna iontach grianmhar a bhí ann tar éis maidin scamallach. Bhí gach duine amuigh ag baint sár taitneamh as na himeachtaí. Bhí roinnt cluichí ana ghéar is chomórtasach idir na daltaí is na múinteoirí!!!

Ní raibh ach droch scéal amháin- bhí ár Lá Spóirt cuirthe ar ceal de bharr an aimsir lofa. Faoi dheireadh ar an 19ú lá de mhí Meitheamh bhí, sé againn i Nuncio. Lá grianmhar, te a raibh ann. Bhí rás 100m, 400m, Spúnóg agus Práta, 3 chos srl Bhainn na páistí an-taitneamh as an lá.

Coiste12

 Coiste Scoil Ghníomhaíoch 2012/2013