LÁ GLANTACHÁIN AN EARRAIGH

Bhíomar an-ghnóthach sa Ghaelscoil i mí Feabhra lenár lá glantacháin. Ghlan gach rang a seomra féin chomh maith leis an timpeallacht lastigh agus lasmuigh. Bhi an t-ádh linn leis an aimsir ar an lá agus d’éirigh thar barr linn. Táimid an-bhrodúil as an obair dhian a rinne na páistí agus múinteoirí. Ní neart go cur le chéile. Bhailíomar an méid sin bruascar go raibh ar Tommy’s Tipper filleadh don dara uair!

 

 

 

BORD ÉAN

Ár mbuíochas leis an Múinteoir Michéal sa Phobalscoil a rinne an Bord Éan álainn seo dúinn chun na héiníní a mhealladh isteach. Phéinteáil páistí ó rang a 5 atá ar an gCoiste Scoil Ghlas é. Míle buíochas do Frankie a d’ullmhaigh an poll dúinn agus ar ndóigh don choiste a chabhraigh é a chuir ann!

 

20180112_12435120180112_12453220180112_125224

 

 

 

 

 

 

 

 

 

LÁ NA GCRANN

Chuir na naíonáin nua crann Fearnóige. Crann dúchasach atá ann a chabhraíonn go mór leis an mbithéagsúlacht tóisc gur maith go mór le na beacha iad. Is breá leis na crainn seo uisce agus beidh na naíonáin ag cabhrú go mór le seo. Le cúnamh Dé fásfaidh an crann leis an rang. Moladh le na cailíní ó rang a 6, Múinteoir Nioclás a chabhraigh le Frankie an áit a ullmhú roimh ré.

20171005_13141520171005_131455 (1)

 

20171004_140334

 

 

 

 

 

 

 

Coiste Scoil Ghlas leis an óstán feithidí a dhéan siad!

 

log pilecoiste 2014-2015

Loiste feithidí i ngairdín na scoile!