Seo na buaiteoirí d’ár gcomórtas filíochta a fógraíodh ar an 7 Bealtaine 2020. Míle buíochas do gach éinne a ghlac páirt agus beidh dearbhán €10 ó Khan’s Books sa post do na buaiteoirí go luath.

Naíonáin Bheaga-Múinteoir Máise

Mo Ghairdín 

le Fionn Ó Ceallaigh

(le cabhair ó mo Dhaidí)

Is maith liom ag léim

Is maith liom ag rith

Is maith liom ag imirt peile

I mo ghairdín..

 

Is maith liom na bláthanna

Is maith liom na crainn

Is maith liom na coiníní

I mo ghairdín.

 

Is maith liom an luascán

Is maith liom an sleamhnán

Is maith liom mo bhosca gaineamh

I mo ghairdín

Slán

 

Naíonáin Mhóra-Múinteoir Ivan

An Domhain le Odhrán Ó Foghlú

 

Ar dtús, fánaíocht dinesáir an domhan i ngrupa.

Ní raibh aon duine, gluaisteán nó siopa.

Ansin, tháinig na daoine luatha, na hainmhithe, diadh ar ndiadh,

agus gach rud os cionn cruthaithe ag Dia.

 

 

Coróinvíreas

 

Tháinig an coróinvíreas uafásach,

An bhfuil tú ag caitheamh lamhíní nó maisc?

Nigh do lámha,

Bí sábháilte,

Agus fan sa bhaile, le meas.

 

Naíonáin Mhóra- Múinteoirí Deirdre agus Síle

Muireann Ní Ghrádaigh An Nádúr

NádúrMuireann

Siún Ní Chaollaí- Samhradh

20200505_150441

Rang a hAon-Múinteoirí Michelle agus Liselott

Na Rudaí is Maith Liom le Tadhg Ó Leathlobhair

 

Na Rudaí Is Maith Liom

Is maith liom ag siúl,

Is maith liom píosa úll,

Is maith liom mo dheirfúir Áine,

Is maith liom bainne,

Is maith liom bumbóg,

Is maith liom spideog,

Is maith liom dath donn,

Is maith liom an crann,

Is maith liom uimhir a trí,

Is maith liom bheith i mo luí,

Oiche mhaith!

 

 

Rang a haon-Múinteoir Máire Ruth

Mo Mhadra le Sophie Ní Óldáin

Mo Mhadra

Cleo is ainm di
Ta sí dubh agus bán ach níl sí buí
Itheann sí cúisíní nuair nach mbím ag breathnú ach nuair a chasam mé timpeall bíonn sí ina luí.

Is maith léi coirt a dhéanamh orm agus mé I mo choladh
agus na brioscaí go léir a ithe

go dtí go mbíonn pian ina boilg.

Téimid ar siúlódí gach lá
agus ar maidin tugann sí a paw.

Suíonn sí liom nuair a bhíonn brón orm le súile móra donn ní gorm.

Ach is breá liom mo mhadra beag nua Tá sí uasal agus cinéalta
ní cosúil leis an madra fiáin rua.

Rang a Dó-Múinteoir Ashleigh

Abhaile le Micheál Ó hÓgáin

Abhaile

Cén fáh nach bhfuil me ábalta

buaileadh le mo chairde?

Tá covid 19 anseo,

so caithfimid fanacht istigh.

 

Níl scoil, níl sport,

níl mórán spraoi.

Tá sé leadránach mar

níl mórán glee.

 

Cé nach bhfuil

mórán glee,

táimíd ag deanamh

ár bpáirt ag fanacht istigh.

 

Táimíd ag éisteacht

go curamach lenár dTaoiseach,

chun a bheith sábhailte agus

tabhair aire le gach teaghlach.

Rang a Trí-Múinteoir Conor agus Rós

Is maith liom Rugbaí le Micheál Ó Faoláin

Mikeyrugbaí

Rang a Trí-Múinteoirí Fiona agus Dearbhail

Siúlóid tríd an Earrach le Andrea de Róiste

 

Siúlóid Tríd an Earrachh

Ré nua ainmhí,

Laonna, uain is sicíni,

Páirceanna lán de fuinneamh.

 

Plandaí ag briseadh cré,

Pluiríní, nóiníní is cloigíní ghorma,

Bláthanna ildaithe éagsúla.

 

Raidhse de barraí blasta,

Cairéad, trátaí is prátaí,

Feirmeoirí gealgáireacha.

 

Spéartha ghorma soiléíre,

Gaoth úr agus bogha báistí,

Ó is aoibhinn í!

 

Rang a Cheathar-Múinteoir Niall

Samhradh (le difríocht)

le Ruaidhrí Ó Déa 

Brónach mar go bhfuil gach uile rud ar ceal,

Ar mhuin na muice mar go bhfuil na laethanta fada geal,

Ag tnúth leis an deireadh seachtaine gan aon obair,

Má bhíomar sna seascaidí bheadh uisce ag teacht ón tobair.

Sin Bealtaine, le difríocht.

 

Ar an 20ú Meitheamh beidh an lá is faide sa bhliain,

Fós sliabh mór milteach d’obair, imíonn

An t-am chomh tapa nuair a dhéanaim Joe Wicks,

Freisin bím ocrasach, caith dom cúpla Twix!

Sin Meitheamh, le difríocht.

 

Ar TG4 bíonn Cúla 4 ar Scoil, ón a deich chuig a deich tríocha,

Ní féidir in aon chor, rud níos fearr a phiocadh.

Ar RTÉ 2 ag a haon déag, bíonn an Home School Hub,

Nuair a fheicim é, mothaíom go bhfuilim i saghas éigin club!

Sin Iúil, le difríocht.

 

Ansin, deirim slán leis an Samhradh,

Is fada ó thosaigh an víreas i Mí Feabhra;

Duilleoga ag titim thart timpeall ár dteach,

Slán leis na bhfeithidí, slán leis an beach.

Sin Samhradh,

le difríocht.

 

Rang a Cheathar-Múinteoir Cormac

Ag Bácáil le Áine Ní Leathlobhair

Ag Bácáil

 

Le Áine Ní Leathlobhair

Rang 4 ( M Cormac)

 

Bhí se ag cur báistí amach,

Sin an chúis a d’imigh mé isteach,

Ní dheachaigh mé  ag marcaíl,

Ach, bhí mé ag bácáil.

 

Chuir mé isteach plúr, siúcra agus ubh,

Oh! na déan dearmad ar an subh,

Chuir me ceist ar Tim,

An gcaithfidh mé im?

 

Anois, chuir mé an cáca san oigheann,

Ghlaoigh mo chlann os ard ‘ROINN’,

Nuair a thóg me é amach chun é ligint dul fuar,

Bhí sé ansin a dúirt mé, oh! tá sé an mhór!!!

 

Bhí se an bhlasta,

Sin an chúis a bhí me sásta,

Dúirt mo chlann liom ‘an feidir leat sin a dhéanamh arís’?,

Dúirt me cinnte (agus bhí me ar bís! )

 

Rang a Cúig-Múinteoir Neasa agus Maria R

Mo Pheataí le Róisín Ní Ailín

 

Róisín

 

 

 

 

 

 

 

 

Ag Rith le Aron Ó Dúill

 

AgRithAron

 

Rang a Sé-Múinteoir Sylvia

An Dianghlasáil le Ruairí Ó Casaide

DianghlasáilRuairí