Déan teangmháil linn / Contact us - Tel.: (056) 776 5697 | Fax: (056) 775 0110

  • Gaelscoil Osraí Cill Chainnigh 30 bliain ag fás
  • Is bunscoil lán-Ghaelach mheascaithe í Gaelscoil Osraí. Is faoi phatrúnacht an Easpaig atá an scoil agus is ar theagasc na hEaglaise atá moráltacht na scoile bunaithe.

    An phríomhaidhm atá againn i nGaelscoil Osraí ná oideachas a chur ar fáil do na daltaí go léir. Táthar ag súil go rachaidh a saol scoile i bhfeidhm orthu go dearfach le linne a tréimhse sa Ghaelscoil, agus go mbeidh cuimhní deimhneacha acu ar a saol scoile amach anseo.

    Tá sé mar aidhm ag Gaelscoil Osraí a bhfuil de mhaitheas i ngach páiste a chothú agus a thabhairt chun foirfeachta agus gach páiste a chur ar thóir na maitheasa sa saol atá thart air/uirthi.

    Is í an Ghaeilge teanga na scoile. Is trí mheán na Gaeilge a ghlacann na páistí páirt i ngach rud ar scoil.