Déan teangmháil linn / Contact us - Tel.: (056) 776 5697 | Fax: (056) 775 0110

  • Gaelscoil Osraí Cill Chainnigh 30 bliain ag fás
  • Is iad aidhmeanna an Chóid Iompar i nGaelscoil Osraí ná: 

    CUR I BHFEIDHM 

    TÁ DEARBH-GHAOL AG AN IOMPAR LE CAIDREAMH AGUS LEIS AN BHFOGHLAIM

    Tarlaíonn an dea-iompar de bharr foghlaim éifeachtach agus dea-chaidreamh, agus bíonn tionchar ag an iompar ar an mbealach ina bhfoghlaimíonn an mac léinn chomh maith. 

    Bíonn na heochairphrionsabail céanna le sonrú nach mór, i ngach aon eiseamláir iompair a rinneadh forbairt air.

    Bíonn páirt le glacadh ag gach ball de phobal na scoile maidir leis an gCód Iompar a chur i bhfeidhm. Beidh an méid is lú agus is féidir de rialacha ar scoil, cuirfear béim ar an iompar deimhneach agus cuirfear na rialacha i bhfeidhm ar bhealach cothrom leanúnach i gcomhréir le haois na ndaltaí agus leis na difríochtaí indibhidiúla a bhaineann leo. Spreagfar an dea-iompar agus beidh córas luaíochta ag baint leis. Cuirfear na tuismitheoirí ar an eolas go luath faoi dheacrachtaí iompair a bheith ann. 

    RANNPHÁIRTÍOCHT NA NDALTAÍ

    Bíonn páirt ghníomhach ag daltaí na scoile i ndréachtú rialacha scoile ar bhealach a bhíonn aois-oiriúnach.  Déantar é seo go rialta, agus ag tosach na scoilbhliana ach go háirithe, nuair a bhíonn plé ranga leis an múinteoir maidir leis an ngá atá ann rialacha scoile bheith i bhfeidhm a chuirfidh le sábháilteacht agus forbairt sóisialta agus acadúil na ndaltaí ar fad. Tagann daoine ar chomhréiteach ann faoi luaíochtaí agus faoi smachtbhannaí. 

    RANNPHÁIRTÍOCHT NA FOIRNE

    Déanann an Príomhoide agus an fhoireann Cód Iompar molta a dhréachtú de réir treoirlínte “An Bord Náisiúnta Leasa Oideachais” maidir le cód iompar do scoileanna a chur le chéile.

    RANNPHÁIRTÍOCHT NA DTUISMITHEOIRÍ

    Nuair a bhíonn sé dréachtaithe ag an bPríomhoide agus an fhoireann le chéile, cuirtear an Cód Iompar molta i láthair ionadaithe na dtuismitheoirí ionas gur féidir é a phlé agus déantar é a leasú ar bhealaí oiriúnacha. 

    AN BORD BAINISTÍOCHTA

    Cuirtear an Cód Iompar i láthair an Bhoird Bainistíochta lena phlé agus le go bhféadfaí é a dhaingniú. 

    TREOIRLÍNTE GINEARÁLTA AR MHAITHE LE IOMPAR DEIMHNEACH

    1. Bímid ag súil leis go ndéanann gach dalta déileáil le daoine fásta agus le daltaí eile ar bhealaí a léiríonn meas agus cúirtéis i gcónaí. Ní ghlacfar le hiompar a chuireann isteach ar na cearta atá ag daoine eile maidir le foghlaim agus le go mothóidís slán.
    2. Bítear ag súil leis go léireoidh gach aon dalta meas ar réadmhaoin na scoile, agus go gcoimeádfar timpeallacht na scoile glan agus saor ó bhruscar.
    3. Beifear ag súil leis go mbeidh daltaí bródúil as an gcuma a bhíonn orthu, agus go mbeidh gach aon leabhar agus ábhar riachtanach acu ag an am ceart, san áit cheart.
    4. Caithfidh na mic léinn glacadh le treoracha ó aon mhúinteoir, a ndícheall a dhéanamh chomh maith agus is féidir leo, agus tascanna agus obair scríofa a chur i láthair go néata
    5. Ba cheart go mbeadh gach aon dalta i láthair ar scoil gach lá, ach amháin sa chás go bhfuil fáth bailí ann le go mbeidís as láthair, agus sa chás sin caithfear an scoil a chur ar an eolas i litir, nó trí ghlaoch gutháin, agus fáth an dalta bheith ar iarraidh a lua.

    BULAÍOCHT

    Is éard atá i mbulaíocht ná ionsaí córasach a dhéanfadh duine aonair nó grúpa in aghaidh daoine eile, bíodh gur forrántacht fhisiceach, ó bhéal, nó aigneolaíoch í. Is iad na bealaí is minice atá ann ina ndéantar ionsaí ar dhaoine ná trí theagmháil fhisiceach ionsaitheach a dhéanamh orthu, trí bhaisteachán, eisiamh, bagairt, fáisceadh nó scoiteacht a imirt orthu, nó trí achasáin a chaitheamh leo. Ní ghlacfar le bulaíocht anseo ar chor ar bith agus beifear ag súil leis go dtabharfaidh na tuismitheoirí gach aon chomhoibriú i gcónaí maidir le haon eachtra bhulaíochta a láimhseáil ar bhealach a réitíonn le Beartas Frithbhulaíochta na Scoile. 

    AITHEANTAS A THABHAIRT D’ IOMPAR DEIMHNEACH

    Is trí iompar deimhneach a atreisiú a spreagtar an fhéinairíonacht agus cuirimid béim níos láidre ar dhreasacht agus ar chóras luaíochta ná mar a chuirimid ar smachtbhannaí. 

    STRAITÉISÍ/DREASACHTAÍ

    MÍ-IOMPAR A DHÍMHOLADH 

    An fáth go mbíonn smachtbhannaí agus straitéis eile á chur i bhfeidhm ná chun iompar deimhneach a spreagadh, agus chun mí-iompar a dhímholadh. Déanfar gach aon iarracht iompar an linbh a thuiscint, agus gach aon ghné den scéal a fhiosrú. Más oiriúnach an rud é, cuirfear clár iompair cuí ar fáil i gcomhar leis an mac léinn agus spreagfar an dalta agus tabharfar tacaíocht di nó dó an mí-iompar a leasú. Cuirfear smachtbhannaí i bhfeidhm de réir tromchúiseacht an mhí-iompair, agus aois agus forás mothúchánach an dalta á chur san áireamh. Luaitear iad seo ina measc:

    Ní bhainfear obair d’achar curaclaim de dhalta, ach amháin ar fháthanna a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht ach d’fhéadfaí imeachtaí  seach-churaclam a bhaint má tá sé sin oiriúnach. 

    CÉIMEANNA OILGHNÍOMHARTHA

    Is ag an múinteoir, agus nó ag an bPríomhoide agus nó ag an mBord Bainistíochta a bheidh an focal deireanach maidir le céimeanna oilghníomhartha, an bhfuil siad mionchúiseach, mórchúiseach, nó tromchúiseach mar shampla.  Bainfear úsáid as an gciall choiteann maidir le minicíocht/dáiríreacht na noilghníomhartha faoi mar a léirítear anseo:

    SAMPLAÍ D’OILGHNÍOMHARTHA MIONCHÚISEACHA

    Ag cur isteach ar obair an ranga/bheith déanach ag teacht ar scoil/ bheith ag rith i bhfoirgneamh na scoile/bheith ag rith ar na staighrí/caint a dhéanamh sa líne ranga/suíochán a fhágáil gan chead /cartáin bia nó deoch nach bhfuil folamh a chur sa bhosca bruscair/bruscar a chaitheamh i dtimpeallacht na scoile/ gan éide scoile oiriúnach bheith ar dhuine /bheith drochbhéasach nó míchúirtéiseach/gan obair bhaile a chomhlíonadh ar fháth nach bhfuil bailí /teacht ar scoil gan an obair thinteáin bheith sínithe ag tuismitheoir.

    ÉIDE SCOILE

    Bítear ag súil leis go ngléasfaidh gach mac léinn go néata agus an éide scoile cheart iomlán a chaitheamh in oiriúint don lá. Is éard atá san éide scoile ná sciorta tartan nas scoile nó Bríste liath, léine bán nó liath, carbhat na scoile, geansaí dubhghorm. Ba cheart go mbeadh fad oiriúnach faoin sciorta. Má bhíonn aimsir the ann is féidir brístí gearra atá dubhghorm a chaitheamh in ionad bríste/sciorta. 

    Is éard atá sa chulaith spóirt ná bun dubh gan phatrún, léine phóló buí na scoile agus barr glas na scoile le stríoca buí.  Má bhíonn aimsir the ann is féidir brístí gearra atá dubhghorm a chaitheamh in ionad na mbrístí fada. 

    Caithfidh coisbhearta bheith dubh, oiriúnach agus sábháilte, níl cead bróga sála arda nó bróga bonn-arda a chaitheamh, mar shampla. 

    Caithfear gruaig go glan néata, agus déanfar cigireacht rialta sa bhaile uirthi roimh mhíolta. Caithfidh an stíl gruaige bheith in oiriúint don scoil. Caithfidh dath nádúrtha a bheith ar an ngruaig. 

    Má tá cluasa pollta ar dhuine tá cead cnaipí cluaise néata a chaitheamh, de réir mar a leagtar amach i Rialacha Sláinte agus Sábháilteachta na scoile.

    SAMPLAÍ D’OILGHNÍOMHARTHA MÓRCHÚISEACHA

    Bheith de shíor ag cur isteach ar obair an ranga/bréaga a insint/goid/maoin duine eile a mhilleadh/fón póca bheith i seilbh dhalta ar scoil/bulaíocht/aisfhreagairt drochbhéasach a thabhairt do mhúinteoir/bheith i dtimpeallacht na scoile taobh amuigh d’am scoile gan an cead oiriúnach bheith ag duine/timpeallacht na scoile a fhágáil i rith an lae scoile gan cead oiriúnach/gan bheith ag obair de réir chumais/caint do-ghlactha a dhéanamh/nithe dainséaracha a thabhairt ar scoil/duine eile a ghortú d’aon ghnó/ duine á chur féin nó ag cur daltaí eile ag an sos i gclós na scoile i mbaol d’aon ghnó. 

    SAMPLAÍ D’OILGHNÍOMHARTHA TROMCHÚISEACHA

    Iompar a bheadh bagrach, ionsaitheach, foréigneach nó imeaglach do dhuine eile/dochar a dhéanamh d’aon ghnó d’aon mhír mhaoine/duine eile a ghortú d’aon ghnó/nithe mí-oiriúnacha, nithe nó ábhair dhainséaracha nó nithe a d’fhéadfadh a bheith contúirteach bheith ina sheilbh nó ina seilbh ag duine. 

    Is liostaí nach bhfuil uileghabhálach iad na liostaí thuas.

    FIONRAÍOCHT/DÍBIRT

    Sula gcuirfear smachtbhannaí tromchúiseacha ar nós fionraíocht nó díbirt i bhfeidhm, bainfear úsáid as na gnáthbhealaí cumarsáide a bhíonn ann idir an scoil agus na tuismitheoirí. Ag brath ar na cúinsí atá i gceist, déanfar teagmháil phearsanta le tuismitheoirí nó déanfar litir a scríobh chucu. Sa chás go mbíonn mí-iompar tromchúiseach i gceist, nó go mbíonn duine ag cur isteach de shíor ar obair ranga, is féidir leis an mBord Bainistíochta cead a thabhairt don Chathaoirleach nó don Phríomhoide mac léinn a chur ar fionraí láithreach ar feadh tréimhse nach mairfeadh níos faide ná trí lá scoile, go dtí go mbeadh plé idir an scoil agus na tuismitheoirí. Glacann Bord Bainistíochta Ghaelscoil Osraí an ceart chuige féin gach aon bheart réasúnta a chur i bhfeidhm a bheadh oiriúnach lena chinntiú go mbeadh dea-ord agus disciplín i bhfeidhm sa scoil agus chun a chinntiú go mbeidh an fhoireann teagaisc, na mic léinn agus aon chuairteoir chun na scoile sábháilte i gcónaí. 

    I gcás fíorphráinne is féidir machnamh a dhéanamh ar dhalta a dhíbirt ón scoil de réir mar atá leagtha síos i Rialacha na Scoileanna Náisiúnta agus san Acht Oideachais (Leas) 2000. Cuirfidh an Bord an tOifigeach Leasa Oideachais áitiúil ar an eolas faoi i scríbhinn sula ndéanfar mac léinn a chur ar fionraí nó a dhíbirt ón scoil, de réir mar atá leagtha síos i dtreoirlínte an Bhoird Náisiúnta Leasa Oideachais.

    FIONRAÍOCHT A CHUR I BHFEIDHM

    Fógra Scríofa

    Má ghlactar cinneadh dalta a chur ar fionraí ba cheart go gcuirfeadh an Príomhoide litir chuig an mac léinn agus chuig na tuismitheoirí.  Déanfaidh an litir na nithe seo leanas a dheimhniú: 

    SCOR FIONRAÍOCHTA (Aischur)

    I rith achair fionraíochta, nó ina dhiaidh sin, bheadh cead ag tuismitheoirí an cheist a ardú go bhféadfaí an dalta a aischur ar scoil. Caithfidh na tuismitheoirí gealltanas sásúil a thabhairt go bhfeidhmeoidh an dalta atá ar fionraí de réir chóid iompar na scoile, agus caithfidh an Príomhoide bheith sásta nach mbeidh aon bhaol ann in aischur an dalta dá s(h)ábháilteacht féin, do shábháilteacht na mac léinn eile, nó d’fhoireann na scoile. Cabhróidh an Príomhoide le plean iompair a ullmhú don dalta más gá, agus déanfaidh sí an dalta a ligean isteach ina rang féin arís go foirmiúil.

    RIALACHA NA SCOILE

    Bíonn an méid is lú agus is féidir de rialacha ar scoil, agus cuirtear le chéile iad ar bhealach a chaomhnóidh sláinte, sábháilteacht agus leas an phobail scoile ina iomláine.

    Is gá go bhfeidhmeodh an scoil ar bhealach éifeachtach, agus chuige sin caithfear na rialacha agus na rialacháin bheith fógartha go soiléir, agus curtha i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach cothrom. Tá cur síos ar rialacha na scoile i nDialann na nDaltaí. 

    ROIMH/ I NDIAIDH SCOILE

    Meabhraítear do thuismitheoirí nach nglacann an scoil freagracht ar bith uirthi féin maidir leis na mic léinn roimh am oifigiúil oscailte na scoile ag 09:10 nó i ndiaidh am oifigiúil dúnta na scoile ag 13:50

    ( Naíonáin) nó 14:50 (Ranganna Eile), ach amháin sa chás go mbíonn daltaí ag glacadh páirte in imeachtaí breise a eagraíonn an scoil agus atá faofa ag an mBord Bainistíochta. Bítear ag súil leis go ngníomhóidh na daltaí atá ag glacadh páirte sna himeachtaí seo de réir an chóid iompar i gcónaí. 

    FREAGRACHTAÍ AN BHOIRD BAINISTÍOCHTA

    FREAGRACHTAÍ AN PHRÍOMHOIDE

    FREAGRACHTAÍ NA FOIRNE TEAGAISC

     FREAGRACHTAÍ NA NDALTAÍ

    FREAGRACHTAÍ NA DTUISMITHEOIRÍ/CAOMHNÓIRÍ

    Rinneadh an Cód Iompar seo a chur le chéile i gcomhar leis an mBord Bainistíochta, le foireann na scoile, le tuismitheoirí agus le mic léinn Ghaelscoil Osraí, agus déantar athbhreithniú go rialta air. Cuireann an fhoireann teagaisc chuige le cinntiú go dtacaíonn gach aon pholasaí agus gach aon chleachtas le spriocanna an Chóid Iompar a chur i bhfeidhm.